Shoutout go gceantar na Gaeltachta 💖

Tá cuid mhór daoine iontacha againn ar bhreá leo ceangal a dhéanamh le teach altranais i gceantar Gaeltachta, nó fiú le cainteoir Gaeilge sa teach altranais ina mbíonn tú féin ag obair. Tá ceangal déanta againn le 3 theach altranais a bhfuil cainteoirí Gaeilge ina gcónaí iontu, agus tá litreacha/bronntanais ar a mbealach go Carna, an Cheathrú Rua agus Inis Mór cheana féin dá thoradh sin.

Ba mhaith linn a iarraidh ar dhaoine a oibríonn i dtithe altranais i gceann ar bith de na ceantair áille Ghaeltachta teagmháil a dhéanamh linn ag info@carepack.ie ionas gur féidir linn tosú ar bheagán draíochta a scaipeadh i measc bhur gcónaitheoirí.

Má tá tú i do chónaí i gceantar Gaeltachta, nó gar do cheann acu, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le teach altranais áitiúil chomh maith agus a iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh linn; ba bhreá linn a bheith ag obair leo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *